Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 27 Deireadh Fómhair 2022

Dia dhaoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 75 bhonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn i dtaca leis an bhfreastal airgeadaíochta a tharraingt siar, agus an tríú hardú ar rátaí úis as a chéile déanta anois againn. Ghlacamar cinneadh an lae inniu, agus é measta againn go n-ardóimid rátaí úis tuilleadh amach anseo, chun filleadh an bhoilscithe chuig an sprioc mheántéarmach, is í sin dó faoin gcéad, a áirithiú. Bunóimid an chonair le haghaidh rátaí úis beartais sa todhchaí ar an ionchas boilscithe agus ar an ionchas geilleagrach, i gcomhréir leis an gcur chuige cruinniú-ar-chruinniú atá againn.

Tá boilsciú fós i bhfad ró-ard agus fanfaidh sé ag leibhéal os cionn na sprice ar feadh tréimhse fhadaithe. I mí Mheán Fómhair bhí boilsciú sa limistéar euro ag 9.9 faoin gcéad. Tá brúnna praghsanna agus ardaithe boilscithe tar éis scaipeadh le roinnt míonna anuas de dheasca praghsanna fuinnimh agus bia fíor-arda, scrogaill soláthair agus theacht aniar an éilimh tar éis na paindéime. Is é is aidhm don bheartas airgeadaíochta atá againn laghdú a dhéanamh ar na gnéithe sin a thacaíonn le héileamh agus cosaint a dhéanamh in aghaidh an riosca go mbuanófaí ionchais maidir le harduithe boilscithe.

Chinn an Chomhairle Rialaithe freisin téarmaí agus coinníollacha an tríú sraith d’oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fhadtéarmacha (TLTRO‑III) a athrú. Le linn ghéarthréimhse na paindéime, bhí ról ríthábhachtach ag an ionstraim sin chun cur i gcoinne rioscaí ar an taobh thíos don chobhsaíocht praghsanna. I bhfianaise an ardaithe neamhghnách ar bhoilsciú nach rabhthas ag súil leis, is gá an ionstraim sin a choigeartú anois chun a áirithiú go dtiocfaidh sí le próiseas leathan normalaithe an bheartais airgeadaíochta agus chun tarchur na n‑arduithe rátaí beartais a neartú i gcás dálaí iasachtaithe bainc. Chinneamar dá bhrí sin na rátaí úis is infheidhme maidir le TLTRO III a choigeartú ón 23 Samhain 2022 amach agus chun dátaí luath‑aisíochta deonacha a thairiscint do bhainc.

Ar deireadh, chun íocaíocht cúlchistí íosta i seilbh institiúidí creidmheasa ag an Eurochóras a chur in oiriúint níos mó le dálaí sa mhargadh airgid, chinneamar íocaíocht cúlchistí a shocrú ag ráta shaoráid taisce an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Leagtar amach na cinntí uile a rinneadh inniu i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Cuirfear sonraí na n‑athruithe ar théarmaí agus coinníollacha TLTRO III ar fáil i bpreasráiteas ar leith a fhoilseofar ag 15:45 CET. Foilseofar preasráiteas teicniúil eile freisin ag 15:45 CET ina sonrófar na hathruithe ar íocaíocht cúlchistí íosta.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Is cosúil go raibh laghdú suntasach ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa tríú ráithe den bhliain agus measaimid go mbeidh lagú eile uirthi sa chuid dheireanach den bhliain seo agus ag tús na bliana seo chugainn. Tá caiteachas agus táirgeadh fós á mhaolú de dheasca an bhoilscithe aird toisc go laghdaítear fíor‑ioncaim daoine agus go n-ardaítear costas gnólachtaí leis. Tá an cás tar éis dul in olcas toisc gur cuireadh isteach go mór ar an soláthar gáis, agus tá muinín tomhaltóirí agus gnólachtaí tar éis titim go tapa rud a mhaolaíonn an fheidhmíocht eacnamaíoch. Tá an t-éileamh ar sheirbhísí ag moilliú, tar éis feidhmíocht láidir a bheith ann sna ráithe roimhe seo nuair a athosclaíodh cuid de na hearnálacha ba mhó a ndeachaigh srianta na paindéime i bhfeidhm orthu, agus tá táscairí suirbhé‑bhunaithe ar orduithe nua san earnáil déantúsaíochta ag titim. Thairis sin, is moille an fás atá ar ghníomhaíocht eacnamaíoch domhanda i gcomhthéacs na héiginnteachta seasta geopholaitiúla, go háirithe de dheasca dálaí leachtachta níos déine agus chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine nach bhfuil bonn leis. Is ag dul in olcas atá dálaí trádála, agus na praghsanna atá á n‑íoc ar allmhairí ag ardú níos tapúla ná na praghsanna atá á n‑íoc ar onnmhairí, rud a bhaineann d’ioncaim sa limistéar euro.

Bhí an margadh saothair fós ag feidhmiú go maith sa tríú ráithe agus d’fhan an ráta dífhostaíochta ag 6.6 faoin gcéad, leibhéal fíoríseal. Cé go dtugtar le fios i dtáscairí gearrthéarmacha go raibh poist fós á gcruthú sa tríú ráithe, d’fhéadfadh dífhostaíocht níos airde a bheith ann amach anseo mar thoradh ar lagú an gheilleagair.

Maidir le bearta lena gcosnaítear an geilleagar ar thionchar na bpraghsanna arda fuinnimh, ba cheart iad a bheith sealadach agus dírithe orthu siúd is leochailí, chun an riosca a chosc go gcuirfear leis an mboilsciú. Ba cheart do lucht ceaptha beartais dreasachtaí a chur ar fáil chun úsáid fuinnimh a laghdú agus soláthar fuinnimh a mhéadú. Ag an am céanna, ba cheart do rialtais beartais fhioscacha a shaothrú a léiríonn go bhfuil siad tiomanta do chóimheasa arda fiachais phoiblí a laghdú de réir a chéile. Ba cheart beartais struchtúrtha a dhearadh chun acmhainn fáis an limistéir euro a mhéadú agus chun a athléimneacht a neartú, rud a chuirfeadh le laghdú ar bhrúnna praghsanna meántéarmacha. Rannchuidiú tábhachtach maidir le saothrú na gcuspóirí sin a bheidh i gcur chun feidhme mear na bpleananna infheistíochta agus athchóirithe struchtúraigh atá ann faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh.

Boilsciú

Tháinig ardú ar bhoilsciú go 9.9 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, léiriú ar na harduithe a bhí ann i gcoda uile an bhoilscithe. Ba é an boilsciú i bpraghas fuinnimh, ag 40.7 faoin gcéad, ba chúis leis an gcuid ba mhó den ardú ar bhoilsciú foriomlán, agus is ag dul i méid atá cion an gháis agus an leictreachais san fhigiúr foriomlán sin. Tháinig ardú eile ar bhoilsciú praghsanna bia freisin go 11.8, toisc gur éirigh praghsanna táirgthe bia níos costasaí de dheasca costais arda ionchuir.

Tá scrogaill soláthair á maolú de réir a chéile, cé go bhfuil siad fós ag cur le boilsciú toisc gur mall an tionchar a bhíonn acu. Tá praghsanna fós á mbrú suas in earnáil na seirbhisí de dheasca éileamh a bhí faoi chois, ach tá laghdú ag teacht ar an éileamh sin anois. Tá dímheas an euro ag cur leis na brúnna boilscithe a bhí ann cheana.

Tá brúnna praghsanna níos feiceálaí i mbreis earnálacha, agus tionchar na gcostas arda fuinnimh indíreacha ar fud an gheilleagair ar cheann de na cúiseanna leis sin. Dá bhrí sin bhí tomhais an bhoilscithe bhunúsaigh fós ag leibhéil ardaithe. Léiríodh sna tomhais sin gur tháinig ardú eile ar leibhéal an bhoilscithe gan fuinneamh ná bia san áireamh go 4.8 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair.

Is dócha go dtacóidh margaí láidre saothair le pá níos airde, agus go n-ardófar pá, go pointe áirithe, chun boilsciú níos airde a chúiteamh. Tugtar le fios i sonraí pá atá ag teacht isteach agus i gcomhaontuithe pá le déanaí go bhféadfadh dlús a bheith faoi fhás pá faoi láthair. Is ag leibhéal thart ar dhó faoin gcéad atá formhór na n‑ionchas níos fadtéarmaí maidir le boilsciú, cé go bhfuil údar ann monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar thuilleadh athbhreithnithe atá thar an sprioc.

Measúnú riosca

Deimhnítear leis na sonraí atá ag teacht isteach gur léir gur ar aon taobh thíos atá na rioscaí don fhás eacnamaíoch, go háirithe sa ghearrthéarma. Is riosca suntasach fós é cogadh fada san Úcráin. D’fhéadfadh muinín titim tuilleadh agus d’fhéadfadh srianta soláthair dul in olcas arís. D’fhéadfadh costais fuinnimh agus bhia fanacht ag leibhéal níos airde ar feadh tréimhse níos faide ná mar a mheastar faoi láthair. D’fhéadfadh geilleagar domhanda ní ba laige fás a mhaolú tuilleadh sa limistéar euro.

Is ar an taobh thuas den chuid is mó atá na rioscaí a bhaineann le boilsciú. Is é an príomhriosca sa ghearrthéarma go mbeadh ardú eile ann ar phraghsanna miondíola fuinnimh. Sa mheántéarma, d’fhéadfadh boilsciú a bheith níos airde ná mar a thuartar má bhíonn arduithe ar phraghsanna thráchtearraí fuinnimh agus bia a gcuirfear níos mó acu ar aghaidh i bpraghsanna tomhaltóirí, má théann cumas táirgeachta an limistéir euro in olcas ar bhonn seasmhach, má bhíonn ardú seasmhach ann ar ionchais bhoilscithe a bheadh níos airde ná ár sprioc, nó má bhíonn arduithe pá níos airde ná mar a thuartar. Ar an láimh eile, d’fhéadfadh brúnna praghsanna laghdú má laghdaítear costais fuinnimh agus má thagann laghdú eile ar éileamh.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá ardú ag teacht ar chostais maoinithe bainc mar fhreagairt ar an ardú ar rátaí úis margaidh. Is daoire anois do ghnólachtaí agus do theaghlaigh airgead a fháil ar iasacht. Tá iasachtú bainc do ghnólachtaí fós láidir toisc gur gá dóibh costais táirgthe arda a mhaoiniú agus fardail a thógail. Ag an am céanna, tá laghdú i gcónaí ar éileamh iasachtaí chun infheistíocht a mhaoiniú. Tá iasachtú do theaghlaigh ag modhnú, toisc go bhfuil caighdeáin chreidmheasa tar éis daingniú agus go bhfuil an t‑éileamh ar iasachtaí tar éis laghdú i gcomhthéacs rátaí úis níos airde agus muinín íseal tomhaltóirí.

Tuairiscítear sa suirbhé iasachtaithe bainc is déanaí dár gcuid gur daingníodh caighdeáin chreidmheasa le haghaidh gach catagóra iasachta sa tríú ráithe den bhliain, agus imní níos mó ar iasachtaithe faoi staid an gheilleagair a bheith ag dul in olcas agus faoi na rioscaí atá roimh a gcustaiméirí sa timpeallacht éiginnte seo. Measann bainc go leanfaidh siad orthu ag daingniú a gcaighdeán creidmheasa sa cheathrú ráithe.

Conclúid

Mar achoimre, tá ardú 75 bhonnphointe curtha againn inniu ar na trí phríomhrátaí úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach, agus measaimid go n-ardóimid rátaí úis tuilleadh amach anseo chun a áirithiú go dtiocfaidh boilsciú ar ais chuig ár sprioc mheántéarmach gan mhoill. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn i dtaca leis an bhfreastal airgeadaíochta a tharraingt siar, agus an tríú hardú ar rátaí úis as a chéile déanta anois againn. Cuirfidh na hathruithe ar théarmaí agus coinníollacha na n‑oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha le próiseas normalaithe an bheartais atá ar siúl faoi láthair.

Beidh ár gcinntí faoi ráta úis beartais ag brath ar shonraí i gcónaí agus leanfar cur chuige cruinniú‑ar‑chruinniú. Seasaimid réidh lenár n‑ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a áirithiú go dtógfar boilsciú ar ais chuig ár sprioc bhoilscithe mheántéarmach.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar cinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa