Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 15 Nollaig 2022

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 50 bonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach agus bunaithe ar an athbhreithniú suntasach ar an taobh thuas ar an ionchas boilscithe, measaimid go n-ardóimid tuilleadh iad. Measaimid go háirithe, go mbeidh gá na rátaí úis a ardú go suntasach agus go seasmhach go dtí go mbainfear leibhéil amach atá sriantach go leor chun filleadh pras an bhoilscithe go dtí an sprioc mheántéarmach, is í sin dó faoin gcéad, a áirithiú. Má choimeádtar rátaí úis ag leibhéal sriantach, is é a tharlóidh, le himeacht ama, go laghdófar an boilsciú tríd an éileamh a mhaolú agus go dtabharfar cosaint freisin in aghaidh an riosca go n-ardófaí ionchais boilscithe ar bhonn leantach. Beidh ár gcinntí faoi bheartas rátaí úis amach anseo ag brath i gcónaí ar shonraí agus leanfar de chur chuige cruinniú-ar-chruinniú.

Is iad príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ár bpríomhuirlis leis an seasamh maidir le beartas airgeadaíochta a leagan síos. Rinne an Chomhairle Rialaithe plé inniu freisin ar na prionsabail chun normalú a dhéanamh ar shealúchais urrús bheartas airgeadaíochta an Eurochórais. Ó thús Mhárta 2023 i leith, tiocfaidh laghdú ar phunann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanfaidh an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis a thiocfaidh in aibíocht a athinfheistiú. Laghdú €15 bhilliún a bheidh ann gach mí ar an meán go dtí deireadh an dara ráithe in 2023 agus cinnfear an luas ina dhiaidh sin le himeacht ama.

Fógróidh an Chomhairle Rialaithe ag a cruinniú i mí Feabhra na paraiméadair mhionsonraithe a bhainfidh le sealúchais CCS a laghdú. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe athmheasúnú ar luas an laghdaithe ar phunann CCS go tráthrialta lena chinntiú go mbeidh sé ag teacht leis an straitéis agus leis an seasamh beartas airgeadaíochta trí chéile, chun feidhmíocht margaí a chothú agus chun smacht láidir a choimeád ar dhálaí gearrthéarmacha sna margaí airgid. Faoi dheireadh 2023, déanfaimid athbhreithniú freisin ar ár gcreat oibríochta maidir le rátaí úis gearrthéarmacha a stiúradh, rud a chuirfidh eolas ar fáil maidir le críochphointe phróiseas normalaithe an chláir chomhardaithe.

Chinneamar rátaí úis a ardú inniu, agus is dóigh linn go ndéanfaimid iad a ardú go suntasach arís, mar tá an boilsciú i bhfad ró-ard go fóill agus réamh-mheastar go bhfanfaidh sé os cionn ár sprice ar feadh rófhada. De réir thobmheastachán Eurostat, bhí boilsciú 10.0 faoin gcéad ann i mí na Samhna, rud beag níos lú ná an 10.6 faoin gcéad a taifeadadh i mí Dheireadh Fómhair. D’eascair an laghdú seo go príomha as boilsciú praghas fuinnimh níos ísle. Tá boilsciú praghsanna bia agus brúnna bunúsacha praghais tar éis treisiú ar fud an gheilleagair agus fanfaidh siad linn go ceann tréimhse. I gcomhthéacs na héiginnteachta neamhghnáiche seo, tá foireann an Eurochórais tar éis athbhreithniú ardaitheach suntasach a dhéanamh ar a gcuid réamh-mheastacháin bhoilscithe. Síleann siad anois go mbeidh an meánbhoilsciú chomh hard le 8.4 faoin gcéad sa bhliain 2022 sula laghdóidh sé go 6.3 faoin gcéad sa bhliain 2023, agus síltear go laghdóidh boilsciú go suntasach in imeacht na bliana. Réamh-mheastar gur meán 3.4 faoin gcéad a bheidh i gceist leis an mboilsciú sa bhliain 2024 agus 2.3 faoin gcéad sa bhliain 2025. Réamh-mheastar gur 3.9 faoin gcéad ar an meán a bheidh i gceist leis na mboilsciú, taobh amuigh d’fhuinneamh agus de bhia, sa bhliain 2022, agus go n-ardóidh sé go 4.2 faoin gcéad sa bhliain 2023 sula dtitfidh sé go 2.8 faoin gcéad sa bhliain 2024 agus 2.4 faoin gcéad sa bhliain 2025.

Féadfaidh geilleagar an limistéir euro crapadh sa ráithe reatha agus sa chéad ráithe eile mar thoradh ar an ngéarchéim fuinnimh, éiginnteacht ard, gníomhaíocht dhomhanda eacnamaíoch atá ag lagú, agus coinníollacha níos doichte maoinithe. De réir na réamh-mheastachán is déanaí de chuid fhoireann an Eurochórais, bheadh cúlú eacnamaíochta gearr agus éadrom go leor. Síltear, mar sin féin, go maolófar an fás an bhliain seo chugainn agus tá na réamh-mheastacháin íslithe go suntasach i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin a rinneadh roimhe seo. I ndiaidh an ghearrthéarma, réamh-mheastar go dtéarnóidh an fás de réir mar a mhaolaíonn na gnéithe reatha atá ag cur bac roimh an bhfás. Ar an iomlán, de réir réamh-mheastacháin fhoireann an Eurochórais, fásfaidh an geilleagar 3.4 faoin gcéad sa bhliain 2022, 0.5 faoin gcéad sa bhliain 2023, 1.9 faoin gcéad sa bhliain 2024, agus 1.8 faoin gcéad sa bhliain 2025.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Mhaolaigh fás eacnamaíoch i limistéar an euro go 0.3 faoin gcéad sa tríú ráithe den bhliain. Tá boilsciú ard agus coinníollacha maoinithe níos dochta ag maolú caiteachais agus táirgthe trí fhíorioncam teaghlaigh a laghdú agus costais a ardú do ghnólachtaí.

Tá an geilleagar domhanda ag maolú chomh maith, i gcomhthéacs éiginnteacht leanúnach geopholaitíochta, go háirithe mar gheall ar chogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a muintire, agus coinníollacha maoinithe níos doichte ar fud an domhain. Is ualach go fóill é an meathlú a bhí ann roimhe seo i dtéarmaí trádála, a raibh ardú níos gasta ar phraghsanna iompórtála ná easpórtála i gceist leis, ar chumhacht ceannaigh sa limistéar euro.

Ar an taobh dearfach de, tháinig ardú 0.3 faoin gcéad ar fhostaíocht sa tríú ráithe, agus 6.5 faoin gcéad a bhí i gceist le dífhostaíocht i mí Dheireadh Fómhair, an ráta is ísle a bhí ann riamh. Síltear go n-athneartóidh pá atá ag ardú cuid den chumhacht ceannaigh, rud a thacóidh leis an tomhaltas. De réir mar a lagaíonn an geilleagar, áfach, is dócha go maolóidh cruthú post, agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh ardú ar an dífhostaíocht sna ráithí amach romhainn.

Ba cheart bearta tacaíochta fioscaí, ar mhaithe leis an ngeilleagar a chosaint ar thionchar phraghsanna arda fuinnimh, a bheith sealadach, dírithe, agus curtha in oiriúint chun dreasachtaí chun níos lú fuinnimh a úsáid a chaomhnú. Is dócha go gcuirfidh bearta fioscacha nach mbeidh ag teacht leis na prionsabail seo leis na brúnna boilscitheacha, rud a chruthódh gá le freagairt beartais airgeadaíochta níos láidre. Chomh maith leis sin, de réir chreat rialachais eacnamaíoch an AE, ba cheart go ndíreodh beartais fhioscacha ar ár ngeilleagar a dhéanamh níos táirgiúla agus fiachas poiblí a ísliú de réir a chéile. Is féidir le beartais chun cumas soláthair an limistéir euro a fheabhsú, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, cabhrú le brúnna praghais a laghdú go meántéarmach. Chuige sin, ba cheart do rialtais a gcuid pleananna maidir le hathchóiriú struchtúrach agus infheistíochta a chur i bhfeidhm go gasta faoin gclár Next Generation EU. Ba cheart críoch a chur le leasú ar chreat rialachais eacnamaíoch an AE go gasta.

Boilsciú

Laghdaigh an boilsciú go 10.0 faoin gcéad i mí na Samhna, mar thoradh ar bhoilsciú níos ísle praghsanna fuinnimh den chuid is mó, agus ag an am céanna d’ísligh boilsciú seirbhísí freisin. D’ardaigh boilsciú praghsanna bia go 13.6 faoin gcéad, áfach, mar thoradh ar chostais arda ionchuir i dtáirgeadh bia ag imirt tionchar ar phraghsanna tomhaltóirí.

Tá brúnna praghais láidir go fóill sna hearnálacha, mar thoradh, go pointe, ar thionchar costais arda fuinnimh sa gheilleagar trí chéile. Níor athraigh an boilsciú, taobh amuigh d’fhuinneamh agus bia, i mí na Samhna, agus d’fhan sé ag 5.0 faoin gcéad, agus bhí buntomhais eile boilscithe ard freisin. Síltear go maolóidh bearta fioscacha chun teaghlaigh a chúiteamh i ndáil le praghsanna arda fuinnimh agus boilsciú i gcaitheamh na bliana seo chugainn ach ardóidh siad iad chomh luath is a stopfar iad.

Tá baic soláthair ag maolú de réir a chéile, cé go bhfuil a dtionchar ag cur leis an mboilsciú go fóill agus ag ardú praghsanna earraí go háirithe. Tá an rud céanna fíor i gcás dheireadh na srianta paindéime: cé go bhfuil sé ag maolú, tá tionchar an éilimh faoi chois ag ardú praghsanna go fóill, go háirithe san earnáil seirbhísí. Tá dímheas an euro i mbliana ag imirt tionchar go fóill ar phraghsanna tomhaltóirí.

Tá fás pá ag neartú, agus tá margaí láidre saothair agus cúiteamh pá le fostaithe a chúiteamh as an mboilsciú ard ag tacú leis sin. Ós rud é go bhfuil na gnéithe seo le fanacht mar atá, de réir réamh-mheastacháin fhoireann an Eurochórais, fásfaidh pá ag rátaí atá i bhfad níos airde ná na meáin stairiúla agus ardóidh boilsciú le linn na tréimhse réamh-mheastacháin. Is ag thart ar a dó faoin gcéad, i láthair na huaire, atá formhór na dtomhas ar ionchas maidir le boilsciú níos fadtéarmaí, cé go bhfuil údar ann le monatóireacht leantach a dhéanamh mar gheall ar athbhreithnithe eile os cionn sprice ar roinnt táscairí.

Measúnú riosca

Tá rioscaí d’ionchas fás eacnamaíoch ar an taobh thíos, go háirithe go gearrthéarmach. Is riosca ar an taobh thíos suntasach don gheilleagar é an cogadh i gcoinne na hÚcráine. D’fhéadfadh costais fuinnimh agus bhia fanacht ag leibhéal níos airde ar feadh tréimhse níos faide ná mar a mheastar faoi láthair. D’fhéadfadh maolú breise ar fhás sa limistéar euro a bheith ann má lagaíonn geilleagar an domhain níos tobainne ná mar atáimid ag súil leis.

Is ar an taobh thuas den chuid is mó atá na rioscaí a bhaineann le boilsciú. Sa ghearrthéarma, mar thoradh ar bhrúnna píblíne atá ann cheana féin, d’fhéadfadh arduithe níos láidre ná mar atáthar ag súil leis a theacht ar phraghsanna tomhaltóirí d’fhuinneamh agus do bhia. Go meántéarmach, tagann na rioscaí den chuid is mó ó ghnéithe inmheánacha ar nós ardú leanúnach ar ionchais boilscithe a sháraíonn ár sprioc nó na harduithe pá a bhfuiltear ag súil leo. Ar an lámh eile, d’fhéadfadh brúnna praghsanna laghdú má laghdaítear costais fuinnimh agus má thagann laghdú eile ar éileamh.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Agus beartas airgeadaíochta á dhéanamh níos doichte againn, tá iasachtú ag éirí níos costasaí do ghnólachtaí agus teaghlaigh. Tá iasachtú bainc do ghnólachtaí láidir go fóill, de réir mar a mhalartaíonn gnólachtaí bannaí le hiasachtaí bainc agus de réir mar a úsáideann siad creidmheas chun costais níos airde táirgthe agus infheistíochta a mhaoiniú. Tá teaghlaigh ag tógáil níos lú ar iasacht, mar gheall ar chaighdeáin chreidmheasa níos doichte, rátaí úis atá ag ardú, féidearthachtaí maidir leis an margadh tithíochta atá ag dul in olcas, agus muinín níos ísle tomhaltóirí.

De réir ár straitéis beartas airgeadaíochta, déanann an Chomhairle Rialaithe measúnú cuimsitheach ar an idirghaol idir beartas airgeadaíochta agus cobhsaíocht airgeadais faoi dhó sa bhliain. Tá timpeallacht na cobhsaíochta airgeadais i ndiaidh dul in olcas ón athbhreithniú deireanach a rinne muid i mí an Mheithimh 2022 mar thoradh ar gheilleagar atá níos laige agus riosca creidmheasa atá ag ardú. Chomh maith leis sin, tá ardú tagtha ar laigí flaithiúnais mar gheall ar ionchas níos laige geilleagrach agus riochtaí níos laige fioscacha. Mhaolódh coinníollacha níos doichte maoinithe an carnadh de laigí airgeadais agus laghdóidís rioscaí don bhoilsciú sa mheántéarma, cé go bhfágfaidís go mbeadh baol níos airde ann i dtaca le brú ar an gcóras agus rioscaí ar an taobh thíos níos mó don fhás sa ghearrthéarma. Chomh maith leis sin, féadfaidh riachtanais leachtachta institiúidí airgeadais neamhbhainc luaineacht an mhargaidh a ardú. Ag an am céanna, tá leibhéil chompordacha caipitil ag bainc an limistéir euro, rud a chabhraíonn leis na fothorthaí atá ag beartas airgeadaíochta níos doichte ar chobhsaíocht airgeadaíochta. Is é beartas macrastuamachta go fóill an chéad chosaint atá ann maidir le cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus dul i ngleic le laigí meántéarmacha.

Conclúid

Mar achoimre, rinneamar ardú 50 bonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach, agus, bunaithe ar an athbhreithniú ardaitheach suntasach ar an ionchas boilscithe, meastar go n-ardófar a thuilleadh iad. Measaimid go háirithe, go mbeidh gá na rátaí úis a ardú go suntasach agus go seasmhach go dtí go mbainfear leibhéil amach atá sriantach go leor chun filleadh pras an bhoilscithe go dtí an sprioc mheántéarmach, is í sin dó faoin gcéad, a áirithiú. Má choimeádtar rátaí úis ag leibhéal sriantach, is é a tharlóidh, le himeacht ama, go laghdófar an boilsciú tríd an éileamh a mhaolú agus go dtabharfar cosaint freisin in aghaidh an riosca go n-ardófaí ionchais boilscithe ar bhonn leantach. De bhreis air sin, ó thús mhí an Mhárta 2023 i leith, tiocfaidh laghdú ar phunann an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) ag ráta measta agus intuartha, toisc nach ndéanfaidh an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis a thiocfaidh in aibíocht a athinfheistiú.

Beidh ár gcinntí faoi bheartas rátaí úis amach anseo ag brath i gcónaí ar shonraí agus socrófar ó chruinniú go cruinniú iad. Seasaimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a áirithiú go dtógfar boilsciú ar ais chuig ár sprioc boilscithe mheántéarmach.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa