- PREASRÁITEAS
Tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach ar an dul chun cinn atá déanta ag an mBulgáir i dtreo ghlacadh an euro
04 Meitheamh 2025
- Déantar measúnú sa tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach ar an dul chun cinn atá déanta ag an mBulgáir i dtreo an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta
- Measúnú dearfach i dtaobh ghlacadh féideartha an euro ar an 1 Eanáir 2026
Tá dul chun cinn maith déanta ag an mBulgáir i dtreo cóineasú eacnamaíoch leis an limistéar euro ó 2024, de réir na Tuarascála ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) maidir le Cóineasú a foilsíodh inniu.
“Réitíonn an measúnú dearfach seo an bealach don Bhulgáir chun an euro a thabhairt isteach ón 1 Eanáir 2026 amach agus a bheith ar an 21ú Ballstát den Aontas Eorpach le dul isteach sa limistéar euro,” arsa Philip R. Lane, Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE. “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an mBulgáir as an tiomantas iontach a léirigh sí i dtaobh na hathruithe a bhí ag teastáil a dhéanamh.”
De réir an mheasúnaithe atá déanta ag BCE, tá an Bhulgáir laistigh de luachanna tagartha na gcritéar um chóineasú agus tá na ceanglais dlí á gcomhlíonadh aici. Agus páirt á glacadh aici sa sásra ráta malairte (ERM II) agus san aontas baincéireachta ón 10 Iúil 2020 i leith, tá céim eile glactha ag an mBulgáir i dtreo lánpháirtiú na hEorpa faoi chúinsí deacra eacnamaíochta. Chun timpeallacht a chothú sa Bhulgáir atá fabhrach do chóineasú inbhuanaithe, teastaíonn beartais eacnamaíocha atá dírithe ar chobhsaíocht chomh maith le hathchóirithe fairsinge struchtúracha. Tugtar níos mó mionsonraí faoi na beartais sin sa tuarascáil.
I dtaca leis an gcritéar um chobhsaíocht praghsanna, in Aibreán 2025, ba é an meánráta boilscithe ICPT (innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí) thar 12 mhí ná 2.7%, i.e. díreach faoi bhun an luacha tagartha 2.8% (Cairt 1). Tá an luach tagartha bunaithe ar na trí Bhallstát is fearr ar éirigh leo ó thaobh cobhsaíocht praghsanna de, i.e. Éire (1.2%), an Fhionlainn (1.3%) agus an Iodáil (1.4%) (an meánráta úis a bhí acu le 12 mhí anuas móide 1.5 pointe céatadáin).
Cairt 1
Boilsciú ICPT agus luach tagartha
(athruithe bliantúla céatadáin)

Foinsí: An Coimisiún Eorpach (Eurostat) agus ríomhanna BCE.
Nótaí: An meán gluaisteach thar 12 mhí arna shlánú go haon deachúil amháin.
Maidir leis an gcritéar fioscach, ní raibh an Bhulgáir faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2012. B’ionann easnamh buiséadach ginearálta an rialtais in 2024 agus 3.0% den olltáirgeacht intíre (OTI), i.e. ag leibhéal an luacha tagartha 3% (Cairt 2). B’ionann an cóimheas idir ollfhiachas ginearálta rialtais agus OTI sa Bhulgáir agus 24.1%, i.e. i bhfad faoi bhun an luacha tagartha 60%, agus tá sé i bhfad faoi bhun 60% den OTI le 20 bliain anuas.
Cairt 2
Comhardú agus fiachas ginearálta rialtais
(mar chéatadán den OTI)

Foinsí: An Córas Eorpach Banc Ceannais agus an Coimisiún Eorpach (Eurostat).
I dtaca le critéar an ráta malairte, bhí lev na Bulgáire rannpháirteach in ERM II sa tréimhse thagartha dhá bhliain ón 20 Bealtaine 2023 go dtí an 19 Bealtaine 2025. I rith na tréimhse tagartha, ní raibh aon diallas ann i gcás an lev ón ráta lárnach de 1.95583 lev in aghaidh an euro. Tá an chuid is mó de na gealltanais iariontrála a thug an Bhulgáir faoi ERM II curtha i gcrích aici, ach tá gá le tuilleadh dul chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá fós gan réiteach sa réimse a bhaineann leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac.
B’ionann na rátaí úis fadtéarmacha sa Bhulgáir agus 3.9% ar an meán i rith na tréimhse tagartha ó mhí Bealtaine 2024 go mí Aibreáin 2025. Dá bhrí sin, bhí siad faoi bhun an luacha tagartha 5.1% le aghaidh an chritéir um chóineasú rátaí úis.
I dtaca le comhréireacht na reachtaíochta náisiúnta, tá dlí na Bulgáire i gcomhréir leis na Conarthaí agus Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, mar a leagtar síos in Airteagal 131 den Chonradh.
- Foilsíodh tuarascáil an lae inniu ar iarratas ón mBulgáir; foilseoidh BCE an chéad Tuarascáil eile uaidh maidir le Cóineasú in 2026.
I gcás fiosrúcháin ó na meáin, déan teagmháil le Benoit Deeg, teil.: +49 172 1683704.
Nótaí
- Tuarascáil 2025 maidir le Cóineasú ón gCoimisiún Eorpach
- Dlúthchomhar bunaithe idir BCE an Bhulgáir
- Sa Tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le Cóineasú, déantar athbhreithniú ar chóineasú eacnamaíoch agus dlíthiúil Bhallstáit an Aontais nach bhfuil sa limistéar euro le maolú gach dhá bhliain nó ar iarratas ó thír ar leith. Déantar measúnú inti ar mhéid an chóineasaithe inbhuanaithe eacnamaíoch leis an limistéar euro agus déantar a mheas an bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais agus an gcomhlíontar na ceanglais reachtúla i gcás na mbanc ceannais náisiúnta faoi seach. Mar gheall ar an gclásal a thugann an rogha di gan a bheith páirteach ann, ní chuirtear an Danmhairg san áireamh sa mheasúnú ach amháin má iarrann sí a bheith páirteach ann.
- Ba é an 19 Bealtaine 2025 an scoithdháta le haghaidh na staitisticí a áirítear sa Tuarascáil seo maidir le Cóineasú. Is ó mhí Bealtaine 2024 go mí Aibreáin 2025 atá an tréimhse thagartha le haghaidh an chritéir um chobhsaíocht praghsanna agus an chritéir um rátaí úis fadtéarmacha. Tá na réamhaisnéisí bunaithe ar Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2025 an Choimisiúin Eorpaigh agus ar fhaisnéis eile atá ábhartha maidir le scrúdú réamhbhreathnaitheach ar inbhuanaitheacht an chóineasaithe.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa