Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Boinn chomórtha €2 - 2025

Tá na tuairiscí ar an leathanach seo bunaithe ar an bhfaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, dá bhrí sin d’fhéadfadh éagsúlacht a bheith idir iad agus ábhar eile atá foilsithe ar an suíomh gréasáin seo.

An Liotuáin

Ábhar an chomórtha: Réigiúin Eitneagrafacha na Liotuáine — an Liotuáin Bheag

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh sciath an armais, agus mús a bhfuil sleá idir a dhá chos tosaigh agus teach solais lonrach os a chionn. Tá Kurenkahns ar an dá thaobh den sciath, agus faoina bhun sin tá sliocht le Vydūnas: ‘Spindulys esmi begalinės šviesos’ (Is é ga bunbhrí an tsolais gan teorainn). Thart timpeall ar an dearadh, tá na hinscríbhinní ‘Lietuva’ (an Liotuáin), ‘Mažoji Lietuva’ (an Liotuáin Bheag), an bhliain eisiúna ‘2025’, agus marc mionta Mhionta na Liotuáine. Is é Rolandas Rimkūnas (údar armas mór réigiún Arvydas Každailis sa Liotuáin Bheag) a dhear an taobh náisiúnta den mhona. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 500 000

Dáta eisiúna: An ceathrú ráithe de 2025

An tSlóivéin

Ábhar an chomórtha: Comóradh ar 100 bliain ó rugadh Miki Muster

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear triúr laochra de ghreannáin Miki Muster ar an mona agus úsáid á baint as teicníc rilífe bhog, i.e. Zvitorepec, Lakotnik agus Trdonja. Faoina mbun siúd tá bliain an mhionta ‘2025’ agus an tír eisiúna ‘SLOVENIJA’. Ar thaobh na láimhe clé, in uachtar, tá bliain na breithe ‘1925’ agus an t-ainm ‘MIKI’, agus ar thaobh na láimhe deise, in uachtar, tá an sloinne ‘MUSTER’. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 000 000

Dáta eisiúna: Samhain 2025

Monacó

Ábhar an chomórtha: Marquisat des Baux

Tuairisc ar an dearadh: Déanann an bonn comóradh ar thiarnas an Marquisate des Baux. Bhí an teideal seo ar an bhfód den chéad uair in 1642 agus é ina sheilbh ag Hercule Grimaldi, mac Honoré II. Sa lá atá inniu, de réir an traidisiúin stairiúil, baineann sé leis an bPrionsa Oidhreachtúil Jacques. Ar an dearadh léirítear an charraig agus an ceantar atá i gcóngar shráidbhaile Les Baux de Provence. Thuas ar bharr tá ainm na tíre eisiúna “MONACO”. Ag an mbun, i leathchiorcal, tá an inscríbhinn “MARQUISAT DES BAUX.” Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 15 000

Dáta eisiúna: Samhain 2025

An Chróit

Ábhar an chomórtha: Sraith Cathracha na Cróite – Grad Pula – Airéine

Tuairisc ar an dearadh: Is é Airéine Pula (an t-amfaitéatar) an móitíf lárnach ar an dearadh, ceann de na séadchomharthaí ársa is suntasaí i bPoblacht na Cróite, a léirítear ó thaobh Mhuir Aidriad a léirítear faoin móitíf lárnach chun aird a tharraingt ar thréith shainiúil Mheánmhuirí na Cróite. Ar thaobh na láimhe deise den Airéine tá íomhá d'eaglais San Antaine a tógadh sna 1930idí, rud atá ina chuid den leathanradharc de Chathair Pula. Ar an mona freisin tá inscríbhinní na tíre eisiúna ‘HRVATSKA’ (an Chróit), an bhliain eisiúna ‘2025’ agus na focail ‘GRAD PULA-ARENA’ (Airéine Chathair Pula), agus iad uile inscríofa go ciorclach feadh imeall chroí an mhona. Is é an dealbhóir Duje Botteri a dhear taobh náisiúnta an mhona. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint:  200 000

Dáta eisiúna: Deireadh Fómhair 2025

An Fhionlainn

Ábhar an chomórtha: Na Cluichí Idirnáisiúnta idir an Fhionlainn agus an tSualainn

Tuairisc ar an dearadh: Tá dhá chos sa dearadh agus iad ag gluaiseacht agus ag ardú, agus tá línte briste ann a sheasann do rian reatha. Déantar comóradh sa dearadh ar chomóradh 100 bliain de Lúthchleasaíocht Idirnáisiúnta idir an Fhionlainn agus an tSualainn, agus déantar ceiliúradh ar thraidisiún spóirt na Fionlainne agus spiorad comhchoiteann an imeachta araon. Ag an mbarr, léirítear an bhliain ‘2025’ go cothrománach. Tá an marc mionta le feiceáil sa lár ar chlé ón achar íomhá agus tá na litreacha ‘FI’ le feiceáil sa lár ar dheis. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 204 000

Dáta eisiúna: Fómhar 2025

An Fhrainc

Ábhar an chomórtha: Notre-Dame

Tuairisc ar an dearadh: Tugann Monnaie de Paris ómós do Notre-Dame, ardeaglais cháiliúil Pháras inar tugadh le chéile na céadta ceardaithe chun í a atógáil, chomh maith leis na milliúin daoine chun a hathoscailt a cheiliúradh i mí na Nollag 2024. Léirítear sa dearadh, ina lár, éadan Notre-Dame de Paris mar a fheictear é ón réamhchúirt. Cuirtear fuinneog an róis isteach i gcúlra an spreanga. Cuirtear an bhliain ‘2025’ agus an tagairt ‘RF’ isteach ar thaobh na láimhe clé in éineacht le marc mionta Monnaie de Paris. Cuirtear an t-ainm ‘NOTRE-DAME DE PARIS’ isteach ar thaobh na láimhe deise in éineacht le marc mionta an Ghreanadóra Ghinearálta. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 20 000 000

Dáta eisiúna: Meán Fómhair 2025

San Mairíne

Ábhar an chomórtha: Comóradh 550 bliain ar bhreith Michelangelo

Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh, i lár báire, léirítear Cléópátra – mionghné de chuid na líníochta le Michelangelo Buonarroti, atá caomhnaithe i bhFondúireacht Casa Buonarroti (Flórans). Ar chlé tá an inscríbhinn “MICHELANGELO” i leathchiorcal, an litir R, lena sonraítear Mionta na Róimhe agus an bhliain “1475”, agus ar dheis tá ainm na tíre eisiúna “SAN MARINO’” i leathchiorcal, an bhliain “2025”. Ag an mbun tá inisealacha an údair “SP” (Silvia Petrassi). Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 56 000

Dáta eisiúna: Iúil 2025

Málta

Ábhar an chomórtha: Cathair Mdina

Tuairisc ar an dearadh: Tá an bonn seo beartaithe mar chuid de shraith atá tiomnaithe do chathracha múrtha Mhálta, ar cuid dhílis d'oidhreacht chultúrtha Mhálta agus na hEorpa iad. Leanann sé an bonn a eisíodh in 2024 ina bhfuil ‘Iċ-Ċittadella’ (Daingean) Gozo. Léirítear Mdina sa dearadh agus a ardeaglais timpeall air. Ag an mbarr ar chlé tá an inscríbhinn ‘MDINA’. Ag an mbarr ar dheis tá iniseal an dearthóra, ‘NGB’ (Noel Galea Bason). Ag an mbun tá ainm na tíre eisiúna ‘MALTA’ agus, faoi sin, an bhliain eisiúna ‘2025’. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 152 000

Dáta eisiúna: Meitheamh 2025

An Ghréig

Ábhar an chomórtha: 200 bliain ó cailleadh Laskarina Bouboulina

Tuairisc ar an dearadh: Tá portráid de Laskarina Bouboulina sa dearadh, agus tá crann seoil agus rigín stílithe sa chúlra. Tá teorainn ag an téama leis na hinscríbhinní ‘200 ΧΡΟΝΙΑ ΑΠΟ ΤΗ ΓΕΝΝΗΣΗ ΤΟΥ ΜΙΚΗ ΘΕΟΔΩΡΑΚΗ’ (‘200 BLIAIN Ó CAILLEADH LASKARINE BOUBOULINA’) agus ‘ΕΛΛΗΝΙΚΗ ΔΗΜΟΚΡΑΤΙΑ’ (‘AN PHOBLACHT HEILLÉANACH’). Ar thaobh na láimhe clé tá pailméad (marc mionta Mhionta na Gréige) agus bliain an bhuailte. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 750 000

Dáta eisiúna: Iúil 2025

An Ghréig

Ábhar an chomórtha: 100 bliain ó rugadh Mikis Theodorakis

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh an cumadóir Mikis Theodorakis. Tá teorainn ag an téama leis na hinscríbhinní ‘100 ΧΡΟΝΙΑ ΑΠΟ ΤΗ ΓΕΝΝΗΣΗ ΤΟΥ ΜΙΚΗ ΘΕΟΔΩΡΑΚΗ’ (‘100 BLIAIN Ó RUGADH MIKIS THEODORAKIS’) agus ‘ΕΛΛΗΝΙΚΗ ΔΗΜΟΚΡΑΤΙΑ’ (‘AN PHOBLACHT HEILLÉANACH’); faoina bhun sin tá bliain an bhuailte, ar thaobh na láimhe deise tá pailméad (marc mionta Mhionta na Gréige) agus ar thaobh na láimhe clé tá eochair na tribile agus cliath. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 750 000

Dáta eisiúna: Iúil 2025

An Chróit

Ábhar an chomórtha: Comóradh 1100 bliain Ríocht na Cróite agus corónú an Rí Tomislav

Tuairisc ar an dearadh: Is é an Rí Tomislav ar dhroim capaill móitíf lárnach an dearaidh. Is é an móitíf eile siombail shainiúil inaitheanta na Cróite, clár táiplise na Cróite, a sheasann do chuid d’armas Phoblacht na Cróite. Tá na hinscríbhinní seo a leanas sa dearadh freisin: na focail ‘KRALJ TOMISLAV’ (‘an Rí Tomislav), bliain chrónaithe an Rí Tomislav ‘925’, an tír eisiúna ‘REPUBLIKA HRVATSKA’ (Poblacht na Cróite) agus bliain eisiúna an mhona ‘2025’, agus iad uile inscríofa go ciorclach feadh imeall chroí an mhona. Is é an dealbhóir Nikola Vudrag a dhear taobh náisiúnta an mhona. Is í an mhóitíf lárnach an t-oiriúnú a rinne sé ar an saothar bunaidh leis an dealbhóir Robert Franges Mihanovic ó 1938. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 400 000

Dáta eisiúna: Iúil 2025

An Bheilg

Ábhar an chomórtha: Ciorcad rásaíochta carranna Spa-Francorchamps sa Bheilg

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh, sa lár, leagan amach reatha an raoin den chiorcad rásaíochta in Spa-Francorchamps. Ar thaobh na láimhe clé den mhona, taispeántar fad iomlán an chiorcaid (i méadair), mar atá, ‘7.004 M’, agus faoina bhun sin taispeántar bliain bhunaithe an chiorcaid, mar atá, ‘1921’. Os cionn an léirithe ar leagan amach an raoin, taispeántar an téacs ‘CIRCUIT DE SPA FRANCORCHAMPS’. Ag bun an mhona, taispeántar an cód tíre ‘BE’ agus an bhliain eisiúna ‘2025’, in éineacht le marc mionta stiúrthóir mhionta na Beilge, agus marc mionta Utrecht, bachall mhearcair (toisc gurb é Mionta Ríoga na hÍsiltíre a bhuailfidh na monaí). Ar thaobh na láimhe deise den mhona, tá inisealacha ‘IB’ an dearthóra Iris Bruijns le feiceáil. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 155 000

Dáta eisiúna: Iúil 2025

Andóra

Ábhar an chomórtha: Cluichí Stáit Bheaga na hEorpa (a reáchtáladh in Andóra in 2025)

Tuairisc ar an dearadh: Athchruthaítear i ndearadh an mhona cuid de na disciplíní éagsúla spóirt a bhíonn sa chomórtas sin mar aon leis na hinscríbhinní ‘JOCS DELS PETITS ESTATS D’EUROPA’ (Cluichí Stáit Bheaga na hEorpa) agus ‘ANDORRA 2025’. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 64 000

Dáta eisiúna: An dara leath de 2025

Andóra

Ábhar an chomórtha: Bultúr uan

Tuairisc ar an dearadh: Chun feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an bhfiadhúlra agus an comhshaol a chosaint, léirítear i ndearadh an mhona seat gar-amhairc de bhultúr uan (Gypaetus barbatos), ar speiceas éin é atá faoi bhagairt, agus tá an inscríbhinn ‘ANDORRA’ agus an bhliain eisiúna ‘2025’ le feiceáil air. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 60 000

Dáta eisiúna: An dara leath de 2025

An Eastóin

Ábhar an chomórtha: Comóradh 500 bliain an chéad fhoilseacháin ina raibh focail Eastóinise agus tús theanga liteartha na hEastóinise

Tuairisc ar an dearadh: Cuirtear i láthair i lár an mhona comhdhéanamh leabhar atá leagtha amach ar nós na ceannlitreach ‘E’, toisc gur siombail iad na leabhair sin de thraidisiún theanga scríofa na hEastóinise; an téacs ‘EESTI RAAMAT 500’, a chiallaíonn ‘500 bliain de leabhair san Eastóinis’; agus an bhliain 1525, arb é sin an bhliain inar foilsíodh leabhar san Eastóinis den chéad uair. Tá an bhliain eisiúna ‘2025’ le feiceáil sa dearadh freisin. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 850 000

Dáta eisiúna: An dara ráithe de 2025

An Vatacáin

Ábhar an chomórtha: Comóradh 550 bliain ar bhreith Michelangelo

Tuairisc ar an dearadh: Tá Cruinneachán Bhaisleac Naomh Peadar le feiceáil sa dearadh, a dhear Michelangelo, agus a d’oibrigh air nó go bhfuair sé bás in 1564. Anseo thíos, cuid de bhoghta an tSéipéil Shistínigh, leagtha amach agus dearadh freascó curtha air ag Michelangelo. Ar chlé, go hingearach, feictear síniú pearsanta Michelangelo “michelagniolo”, an litir “R” lena sonraítear Mionta na Róimhe, agus ainm dhearthóir an bhoinn “D. LONGO” (Daniela Longo). Tá an inscríbhinn “CITTA’ DEL VATICANO”, lena léirítear an Stát eisiúna, le sonrú ar stua os cionn an Chruinneacháin. Inscríofa díreach faoi bhun na hinscríbhinne sin tá na blianta “1475”, bliain bhreithe Michelangelo, agus “2025”, an bhliain eisiúna. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 80 000

Dáta eisiúna: Meitheamh 2025

An Vatacáin

Ábhar an chomórtha: Sede vacante 2025

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh armas an Chairdinéil Camerlengo agus é suite faoi bhun shiombail an tSeomra Aspalda, arna léiriú ag dhá eochair atá crosach ar a chéile agus a bhfuil pailliún os a gcionn. Tá na hinscríbhinní “CITTA’ DEL VATICANO”, “SEDE VACANTE” agus “MMXXV”, lena léirítear an bhliain eisiúna, greanta feadh imeall an bhoinn. Tá léiriú teibí ar cholúr le feiceáil idir na hinscríbhinní “CITTA’ DEL VATICANO” agus “SEDE VACANTE”. Tá an litir “R”, lena sainaithnítear Mionta na Róimhe, le sonrú faoi armas Camerlengo, agus ainm ghreanadóir an bhoinn ar chlé taobh leis, agus ainm dhearthóir an bhoinn ar dheis (“O. ROSSI” le haghaidh Orietta Rossi). Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 76 000

Dáta eisiúna: Meitheamh 2025

An Vatacáin

Ábhar an chomórtha: Iubhaile 2025

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh oscailt an Dorais Naofa i mBaisleac Naomh Peadar. Ar dheis, go hingearach, tá an inscríbhinn Laidine “IVBILAEUM” agus “2025,” is é sin marc na bliana. In íochtar, i stua, tá an inscríbhinn “CITTA’ DEL VATICANO”, is é sin an Stát eisiúna. Tá an litir “R”, a sheasann do Mhionta na Róimhe, le feiceáil ar an doras; ag bun na láimhe clé den íomhá tá ainm dhearthóir an bhoinn (Daniela Longo) san inscríbhinn “D. LONGO”. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 91 000

Dáta eisiúna: Meitheamh 2025

An Phortaingéil

Ábhar an chomórtha: Gasógaíocht dhomhanda

Tuairisc ar an dearadh: Ar an mbonn seo léirítear ómós do ghluaiseachtaí na Gasógaíochta Domhanda agus óige a chuireann malartú cultúrtha, comhthuiscint agus cairdeas chun cinn, ós rud é, in 2025, go dtionólfar an 16ú Tionól Gasóg Domhanda sa Phortaingéil, agus gasóga idir 18 agus 25 bliana d’aois ó gach cearn den domhan ag teacht le chéile chun nithe a fhoghlaim óna chéile agus scileanna nua a fhorbairt.

Ar an dearadh seo taispeántar fleur-de-lis, an tsiombail is uilíche den Ghasógaíocht. Tá roinnt inscríbhinní timpeall ar an móitíf lárnach seo: in uachtar, an frása “Sempre alerta. Sempre pronto” – an dá aistriúchán Portaingéilise ar mhana Baden-Powell “Bí Ullamh” (“Be Prepared”), a úsáideann an dá mhóreagraíocht Ghasógaíochta sa Phortaingéil; ar thaobh na láimhe clé tá ainm an dearthóra; faoina bhun sin, an bhliain agus an tír eisiúna, “Portugal”; agus ar thaobh na láimhe deise feictear armas náisiúnta na Portaingéile, agus an marc mionta “Casa da Moeda” ina dhiaidh sin. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 500 000

Dáta eisiúna: Meitheamh 2025

Málta

Ábhar an chomórtha: Damh Máltach (il-gendus Malti)

Tuairisc ar an dearadh: Léiríonn sampla de dhamh Máltach ar an dearadh seo. Leis an mbonn seo cuirtear leis an bhfeasacht ar cheann de phórtha dúchasacha Mhálta atá i mbaol. In uachtar, i leathchiorcal, tá an inscríbhinn “IL-GENDUS MALTI”. In íochtar tá ainm na tíre eisiúna “MALTA” tá an bhliain eisiúna “2025” faoina bhun. In íochtar, ar dheis, tá inisealacha an dearthóra “MAF” (Maria Anna Frisone). Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 145 000

Dáta eisiúna: Meitheamh 2025

Monacó

Ábhar an chomórtha: Comté de Carladès

Tuairisc ar an dearadh: Ar an mbonn seo déantar comóradh ar theideal an Chunta Carladès, a thugtar, de réir an traidisiún stairiúil, don dara duine i líne an chomharbais agus a bhaineann leis an mBanphrionsa Gabriella faoi láthair. Ar an dearadh seo taispeántar aghaidh thosaigh an óstáin, a bhí i seilbh theaghlach Grimaldi go haimsir na Réabhlóide. Thuas ar bharr tá ainm na tíre eisiúna “MONACO”. In íochtar, i leathchiorcal, tá an inscríbhinn “COMTE DE CARLADES”. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 15 000

Dáta eisiúna: Meitheamh 2025

An Fhionlainn

Ábhar an chomórtha: Cuairteanna stáit na Fionlainne – taidhleoireacht agus beartas eachtrach

Tuairisc ar an dearadh: Ar an dearadh seo feictear doras teibí, ar siombail é ar chuairteanna stáit; tá cruth dronuilleogach air agus bailchríoch scátháin. Tá an marc mionta, an bhliain 2025, agus na litreacha “FI” leagtha amach go hingearach feadh imeall clé na dronuilleoige. Tá cruth cruinn ar uachtar na dronuilleoige a leanann imeall an bhoinn. In íochtar agus ar dheis tá an dromchla eitrithe le línte cothrománacha, agus tá cruth ciorclach ag dul trasna ar chuar limistéar na híomhá. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 204 000

Dáta eisiúna: Earrach 2025

An Phortaingéil

Ábhar an chomórtha: Forbairt inbhuanaithe

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh seo íomhá den Domhan agus é timpeallaithe ag an mana “Desenvolvimento Sustentável (Forbairt Inbhuanaithe)”; ar an gciumhais chlé agus ar an gciumhais uachtair feictear ró atá cosúil le brainse de 17 mburla duilleog agus iad leagtha amach i dtriantán – a mheabhraíonn an tsiombail athchúrsála uilíoch dúinn – tagairt do na 17 Sprioc de Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe; ar an gciumhais íochtarach agus ar an gciumhais ar dheis feictear an mana «Portugal», armas náisiúnta na Portaingéile, an ré, agus an marc mionta “Casa da Moeda” os cionn ainm an dearthóra. Taispeántar nan12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 500 000

Dáta eisiúna: An chéad ráithe de 2025

An Liotuáin

Ábhar an chomórtha: Cosaint

Tuairisc ar an dearadh: Tá imlínte na Liotuáine le sonrú ar an dearadh seo. Tá bacainn choilgne stílithe le feiceáil timpeall ar theorainneacha an stáit – siombail ar choincheap na cosanta iomlánaíche agus uile-shochaí. Léiríonn íomhá na gráinneoige freisin an oscailteacht agus an leochaileacht a bhaineann le sochaithe saora – a gcaithfear gach iarracht a dhéanamh iad a chosaint ar bhagairtí seachtracha. Cuirtear an Liotuáin i láthair mar ghráinneog atá réidh chun í féin a chosaint i gcónaí. Tá an inscríbhinn “LIETUVA” (AN LIOTUÁIN), an bhliain eisiúna “2025”, agus marc mionta Mhionta na Liotuáine le sonrú ar lár an dearaidh freisin. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 500 000

Dáta eisiúna: An chéad ráithe de 2025

An Spáinn

Ábhar an chomórtha: Aitheantas do Salamanca mar Láithreán Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO

Tuairisc ar an dearadh: Tá radharc ar an “Convento de San Esteban” le feiceáil sa dearadh seo. In íochtar feictear an scríbhinn “ESPANA” agus an bhliain eisiúna “2025”. In uachtar, i gceannlitreacha, tá an focal “SALAMANCA” agus an marc mionta “Eme Coronada”. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 2 000 000

Dáta eisiúna: An chéad ráithe de 2025

San Mairíne

Ábhar an chomórtha: Giubileo Anno Santo 2025 – Pellegrini di Speranza

Tuairisc ar an dearadh: I lár báire sa dearadh seo feictear bean agus ancaire aici, allagóire den dóchas, agus beireann sí greim láimhe ar pháiste, siombail ar an daonnacht. Ar thaobh na láimhe clé tá an inscríbhinn “SAN MARINO”, ceithre sheol chearnógacha, an litir “R”, a sheasann do Mhionta na Róimhe, agus inisealacha an údair “DI MAULO” (Gabriele Di Maulo); in uachtar, ar dheis, feictear réalta ochtrinneach, an inscríbhinn “IUBILAEUM 2025” agus in íochtar tá inisealacha an ghreanadóra “M.B.INC” (Marta Bonifacio). Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 56 000

Dáta eisiúna: Márta 2025

Lucsamburg

Ábhar an chomórtha: Comóradh 75 bliana Dhearbhú Robert Schuman an 9 Bealtaine 1950

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh seo, in íochtar, lámh ag breith ar pheann luaidhe agus ag scríobh ar phíosa páipéir. Críochnaíonn an chuid uachtarach den pheann luaidhe le brainse olóige, ag leanúint le colúir ina dhiaidh sin – iad araon ina siombailí ar an tsíocháin. Tá na colúir ag eitilt go fíor na spéire mar a bhfuil sé réalta le feiceáil, a léiríonn na sé Bhallstát a shínigh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach ina dhiaidh sin, arbh é dearbhú Schuman an bhunchloch lena aghaidh. Ar an gcuid uachtarach den dearadh feictear an téacs “DECLARATION SCHUMAN” mar aon le dáta an Dearbhaithe “09.05.1950”. In íochtar seasann an uimhir “75” don líon blianta atá i gceist i gcomóradh an Dearbhaithe. Tá ainm na tíre eisiúna “LUXEMBOURG” chomh maith leis an mbliain eisiúna “2025” le feiceáil ar thaobh na láimhe deise den dearadh. Is léiriú é an monagram (an litir “H” maille le coróin) ar an Ard-Diúc Henri. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 200 000

Dáta eisiúna: Feabhra 2025

Lucsamburg

Ábhar an chomórtha:  Comóradh 25 bliana ar theacht i réim an Ard-Diúic Henri

Tuairisc ar an dearadh: I lár an dearaidh seo feictear íomhá den Ard-Diúc Henri agus sa chúlra feictear Pálás mór an Ard-Diúic. Tá an téacs “25. TROUNJUBILAUM VUM GROUSSHERZOG HENRI” leagtha amach i bhfoirm leathchiorclach os cionn na híomhá. Tá an tír eisiúna “LETZEBUERG” chomh maith leis an mbliain eisiúna “2025” le feiceáil faoi bhun na híomhá. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 200 000

Dáta eisiúna: Feabhra 2025

An tSlóvaic

Ábhar an chomórtha: Comóradh 100 bliain ar an gcéad chomórtas idirnáisiúnta spóirt ar chríoch Phoblacht na Slóvaice – Craobhchomórtas Haca Oighir na hEorpa

Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh seo léirítear imreoir haca oighir i mbun imeartha, ag caitheamh stíl éide i bhí i dtreis go láidir aimsir Chraobhchomórtas Haca Oighir na hEorpa, 1925. Tá an t-imreoir le feiceáil i gcomhthéacs íomhá lánléargais stílithe de Vysoké Tatry, an réigiún sléibhe sa tSlóvaic inar reáchtáladh an craobhchomórtas. Ritheann an inscríbhinn “MAJSTROVSTVÁ EURÓPY V HOKEJI” (Craobhchomórtas Haca na hEorpa) feadh chiumhais na leithe uachtaraí de chiorcal inmheánach an bhoinn. Tá na blianta “1925” agus “2025” le feiceáil sa chuid uachtarach ar chlé den dearadh, ceann amháin os cionn an chinn eile. In íochtar tá ainm na tíre eisiúna “SLOVENSKO”. Ar thaobh na láimhe deise den fhíor tá marc mionta Mhionta Kremnica na Slóvaice (Mincovňa Kremnica), táirgeoir an bhoinn. Lena thaobh tá inisealacha “KL” an dearthóra, Karol Ličko. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 000 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2025

An Iodáil

Ábhar an chomórtha: Iubhaile 2025

Tuairisc ar an dearadh: Taispeántar sa dearadh seo, sa lár, íomhá den Doras Naofa i mBaisleac Naomh Peadar. In uachtar, i leathchiorcal, feictear an inscríbhinn “IUBILAEUM”, agus in íochtar, i gcruth leathchiorcail go fóill, ag cur clabhsúr leis an inscríbhinn Laidine, feictear sraith iasc – gach re ceann acu folamh agus lán – siombail na Críostaíochta. Ar chlé feictear “2025”, bliain eisiúna an bhoinn, agus “R”, a sheasann do Mhionta na Róimhe; ar dheis feictear “RI”, acrainm Phoblacht na hIodáile, agus “C.M.” inisealacha an údair (Claudia Momoni). Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 3 000 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2025

An Iodáil

Ábhar an chomórtha: Amerigo Vespucci Tour Mondiale 2023-2025

Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh seo taispeántar, sa lár, an long oiliúna Amerigo Vespucci, a threabhann trí na tonnta farraige nuair a bhíonn sí faoi lán seoil. San áirse ar chlé tá an scríbhinn “Amerigo Vespucci Tour Mondiale 2023-2025”; in íochtar, ar chlé, tá “2025”, bliain eisiúna an bhoinn, agus “RI”, acrainm Phoblacht na hIodáile; ar thaobh na láimhe deise, ‘R’, a sheasann do Mhionta na Róimhe; in exergue feictear “E.FERRETTI”, síniú an dearthóra. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 3 000 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2025

An Fhrainc

Ábhar an chomórtha: Louvre

Tuairisc ar an dearadh: Taispeántar sa dearadh seo aghaidh an Louvre ar an taobh thoir, measctha leis an bplean aitheanta de sheomraí iontacha iomadúla an Mhúsaeim. Sa chúlra, is léiriú iad an pyramidion agus struchtúr na pirimide móire ar charachtar traidisiúnta agus comhaimseartha an Louvre. Tá an bhliain eisiúna “2025” agus an tásc tíre “RF” – chomh maith leis na marcanna mionta – breactha isteach ar phlean an mhúsaeim. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 315 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2025

An Ghearmáin

Ábhar an chomórtha:  Stát Cónaidhme (Land) Saarland

Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh seo feictear lúb Saarschleife in abhainn an Saar, agus gan le feiceáil ann ach príomhghnéithe mhóitíf na habhann lúbaí – saintréith den tírdhreach cnocach. Is siombail iad na grúpaí crann a léirítear feadh chúrsa na habhann den tírdhreach foraoise timpeall ar an Saarschleife gleoite. De thoradh an léargais a chuirtear inár láthair ó phointe crochta, feictear an t-uiscebhealach nádúrtha suntasach agus é leabaithe sna cnoic máguaird, atá ag síneadh amach go fíor na spéire. Tá an inscríbhinn “Saarland” leagtha amach go híseal thíos sa tulra, ionas nach gcuirtear isteach ar shuaimhneas agus ar sholas an tírdhreacha. Tá marc an ealaíontóra, Carsten Wolff atá lonnaithe in Frankfurt, ar thaobh na láimhe clé den leath uachtarach de chiorcal inmheánach an bhoinn freisin, agus ar thaobh na láimhe deise tá an litir “X” mar ionadchoinneálaí do mharc mionta an mhionta faoi seach (“A”, “D”, “F”, “G” nó “J”). Sa leath íochtarach tá an inscríbhinn “SAARLAND”, cód tíre eisiúna na Gearmáine, “D”, agus an bhliain eisiúna, “2025”. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 30 000 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2025

An Bheilg

Ábhar an chomórtha: Crannchur Náisiúnta na Beilge

Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh seo, sa lár, feictear an léiriú fáthchiallach clasaiceach ar ámharaí an tsaoil, an bandia Fortuna, agus corn na flúirse á iompar aici. Ar dheis agus in íochtar tá ceithre léiriú ar sheamair ceithre dhuilleog, siombail uilíoch eile ar an ádh. Taobh thiar d’íomhá Fortuna, feictear lógó reatha an Chrannchuir Náisiúnta. Ar thaobh na láimhe clé den bhonn taispeántar an téacs “loterie nationale loterij”. In íochtar, ar chlé, taispeántar an cód tíre “BE” agus an bhliain eisiúna “2025”. In íochtar, ar dheis, tá inisealacha an dearthóra Iris Bruijns le feiceáil. Ós rud é gurb é Mionta Ríoga na hÍsiltíre a bhuailfidh na boinn, tá bachall mhearcair, marc mionta Utrecht, suite faoi bhun mharc na bliana, mar aon le marc mionta stiúrthóir mionta na Beilge, bláth astair os comhair fleasc Erlenmeyer. Taispeántar an 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an mhona.

Líon na mbonn atá le heisiúint: 1 000 000

Dáta eisiúna: Eanáir 2025